School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)6. Inghean an rí is í go teann, cúl a coise trí na ceann, fáinne óir ar bhárr a baise, is stúmpa caillig tá sí ann.
Freagra:— Tuagh.7. Chuadhas go Lonndain is chonnac iongantas, trí corcáin ag fiuchadh is gan aon spré fútha.
Freagra:— Trí corcáin aoil a's uisce ortha
nó Trí tobair fíor-uisce ag brúchtadh aníos.8. Bíonn sé shoir, is bíonn sé shiar is bíonn sé ina póca ag an mbean liath.
Freagra:— Snaois.9. Léine a deineadh ní do shíoda, do mhac rí a rugadh le buadh; bhí scáth na gréine trí na taobh, is í gan nighe, gan fighe, gan filleadh, gan fuagadh.
Freagra:— An fhallaing a bhí ar ár Slánuightheóir.10. Cím chúgham aniar fear na gcosa caola, fear na srian, fear na sruthán, fear na gcnamha cruadha, is mo dhá thruagh mo laoigh gan rith.
Freagra:— Sionnach a chonnaic bó ar thóir a laoigh.