School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 232
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 232
- XML “An Buachaill Ceolmhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Mhícheál Ó Guithín, An Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Is fada an lá ó chuala sé á aithris é agus sean bhean a bhí in aois a cheithre fichid. Ní mhaireann an tseana bhean san. Cailleadh í timcheall fiche blian ó shin.Bhí bainntreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Garsún breágh ab' eadh é agus bhí borradh laé is oidhche le thabhairt fé ndeara ann fé mar d'fás sé suas. Ag aoidhreacht ghabhar a chaitheadh sé an lá a's é óg.
B'ait leis an saoghal leadránach a bhí 'á chaitheamh aige. Dubhairt sé le na mháthair go raghadh sé amach ag soláthar a fhortúin do féin. Dubhairt sí go n-imtheóchadh sí féin in aoinfheacht leis agus ná leigfheadh sí as radharc a súl do ló ná oidhche é. D'imthigheadar. Bhí oidhche annso a's eadtrath annsúd acu.
Chuadar isteach i gcoill mhór dhiamhair. Dhall na crainn amach iad agus ní fheadradar ca raibh soir ná siar. Chualadar fothrom mór agus iad i bhfad isteach sa choill. Tháinig fathach mór groidhe fá na ndéin agus chuma ana shásta air.(continues on next page)- Informant
- Míceál Ó Guithín
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry