School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Mhícheál Ó Guithín o'n mBloscaod Mór a chuala an scéal so. Sean-bhean a bheadh suas le céad blian d'á mairfheadh sí a aithris do é is é 'na leanbh.Bhí mac rí in Éirinn fadó. Buachaill breágh sciamhach ab' eadh é agus bhí saidhbhreas a's oll-mhaitheas an tsaoghail seo go flúirseach aige. Bhíodh mná uaisle na tíre ag teacht ar cuaird chun a ghrianáin ach aon spéis níor chuir sé riamh in aoinne acu. Bhí na mná óga ag baint na sála d'á chéile timcheall air, ach b'sin a raibh d'á bhárr acu.
Bhí sé in aois pósta a's theastuig ó'n a athair go gcuirfheadh sé faoi a's go bpósfadh sé. Deireadh an mac leis go raibh a dhóithin aimsire fós aige. Bhailig an rí a chuid draoithe chun cúis an scéil a nochtadh. Dúbhradar go bhfuil pláinéad ann agus gur saoghaluigheadh an mac fé an bplainéad san, agus go raibh bean in áit éigin go bhfuil grádh aige di ach ná féadfaidís a dhéanamh amach cá raibh sí. Bhí an rí ana-mhío-shásta leó toisc ná féadfhaidís é a réidhteach do.
Bhí inghean rí sa bhFrainnc, agus bhí an crann(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Guithín
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry