School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 257
- XML “Druimín Ó Luachair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí fadó ann agus chuir sé fógra amach p'é cailín a shníomhfhádh snáithín óir do gur b'sin í an chailín a ghlacfhadh sé mar bhean chéile.
Bhí cúirt mór ag an rí i lár coille agus ní raibh faic le deanamh aige ach an lá a chaitheamh ag fiadhach agus ag marcuíocht do féin ar a shástacht.
Bhí tig beag eile sa choill mar ar chómhnuig feirmeóir bocht agus a aon-inghean. Bhí a bhean caillte, agus bhíodh an cailín ag déanamh gnó an tighe. Bhí sí ar fheabhas chun sníomhtha ach níor fhéad sí riamh snáithín óir a shníomhadh.
Aon lá amháin bhí an rí ag marcuíocht do fhéin agus chonnaic an cailín é. Thuit sí i searc a's i síor ghrádh leis agus dubhairt sí ná pósfhadh sí aon fhear eile go deó ach é. I gcionn tamaill chualaidh sí an scéal i dtaobh an t-snáithín síoda, agus bhí sí ana thrí chéile feachaint cad ba cheart di a dhéanamh.(continues on next page)- Informant
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Gender
- Female