School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 278
  3. XML “An Turnae agus Capall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imthig an turnaé leis go dtí an bpáirc agus bhí an capall ann gan amhras agus an duine uasal ag faire uirthi. Bheannuig an túrnaé do'n duine uasal agus chuir sé ceisteanna air i dtaobh na h-áite. D'fiafruig sé do an raibh aon tig ósda ann go bhfuigheadh sé deoch. Dubhairt an fear saidhbhir go raibh ceann cómhgarach go leór dóibh. "Sin é thall an ceann is cómhgaraighe dúinn" ars é. "An ragfá ag triall ar deoch leanna dom" ars an turnaé. "Ó raghad" ars an fear saidhbhir. Ghlac sé an t-airgead agus siúd leis.
    An fhaid a bhí sé san imtheacht ní raibh an turnaé díomhaoin. Thairrig sé chuige crú go raibh a ainm féin uirthi, agus thairrig sé an chrú ó'n gcapall agus bhuail uirthi anáirde an chrú a bhí aige féin agus a ainm uirthi. Bhí sé sásta go leór annsan mar bhí a fhios aige go mb'féidir go bhféadfhadh sé an fear bocht a shábháil. Thainig an fear saidhbhir agus d'óladar a ndóithin i bhfochair a cheile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlís Bean Uí Cheárna
    Gender
    Female
    Age
    60