School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 293
  3. XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    An Craos galar: (i) Anál duine ná feacaidh a athair riamh (gur cailleadh a athair sar a saoghalaigeadh é) a chur i mbéal an leinbh naoi maideanacha a's an bheirt ar cealacan. B'é seo an leigheas ab' feárr.
    (ii) Ganndal bán--a ghob a chur siar i scórnaig an leinbh ar feadh naoi maideanacha.
    Tinneas Droma: (i) I gCorca Dhuibhne -- Dul isteach tré "Cró na snáthaide" + fuinneóigín bheag caol atá i dteampall Cill-MaolCeadair.
    (ii) An sceach gheal a bheirbhiú agus an t-uisce a chuimilt do'n áit tinn.
    Scórnach Tinn: (i) Turas Chill Ghobnait a thabhairt ar feadh trí turais.
    (ii) olann caora dubh go mbeadh allus na caorach innti a théigheadh agus é a chur in a locadh maith leis an scoraigh.
    (iii) Mil beach
    (iv) Im leighte (leachta).
    Tinneas Cinn: Fáisceán a chur air agus gealacán uibh leastuig do.
    Tinneas Cluaise: (i) Oinniún go mbeadh dath dubh nó corcra air a róstadh ins an dteine , a's a chur isteach sa chluais.
    (ii) Cloch iarainn té go maith a chur thíos fed' cluais.
    (iii) Prátaí bruighte fe'n luaithrig -éadach a chasadh ortha agus iad a chur anuas ar an gcluais.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish