School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 317
- XML “Muirisín Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eibhlís Bean Uí Ceárna (60) a thug dom é seo.1.
A Mhuirisín Ban ó dhubhrais bréag liom
Go mbeidhfeá annseo romham ag crudhadh (cró adeir daoine) na gcaorach;
Do chuadhas annsúd is do leigheas glaoidh ort,
Ach ní bhfuaireas rómham ach an t-uan ag méighleach. 2.
Is a Mhuirisín Bán níor iarrais leat mé,
Is go deimhin d'á n-iarrfá do raghainn ar fad leat,
Do raghainn fé'n gcoill chraobhaig siar ó dheas leat,
Is a dhuine gan gaol, nach mór mo ghean duit. 3.
A Mhuirisín Bán do b'fhearra dhuit mise 'gat,
Ná bean a bheadh uasal, fuadrach, mustrach,
Crúdhfainn bó dhuit, is dhéanfhainn cuigeann duit,
Is d'á mba ghadh é do bhuailfhinn buille duit. 4.
Do bhainis thoir is do bhainis thiar díom
Do bhainis radharc na móna sa tsliabh díom,
Do bhainis an ghealach, is do bhainis an ghrian díom,
Is is é mo mór eagla gur bhainis Dia dom.(continues on next page)- Informant
- Eibhlís Bean Uí Ceárna
- Gender
- Female
- Age
- 60