School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag gabháil tré Bhleá Cliath dom, go dian mhoch ar maidin,
Do casadh cailín óg orm, go raibh scáil an rósaí na leacain
"Dia duit-se a óig fhir; cé gcomhnuigheann tú a mharcaigh?"
"Ar an dtuaith atá mo lóisdín, tá mo ghnó tríd an gcatha[?]
(nó: táim im chomhnuidhe ann le sealadh)
"Aithris scéal nua dom ó's tú is déannaighe d'fhág an baile.
An maireann do chéile nó an raibh sí riamh agat? "
"D'fhágas imdheoidh í go tinn diacrach sa bhaile
Is mise go dubhach cráidhte ag lorg leighis dí ná fachtar."
"Éist, éist a óig-fhir, cá bhfios duit ná go bhfuil sí marbh
Is go bhfaighimís araon le chéile go deó deó 'n fhaid, mhairfhear
Tá airgead im' phócaí is ór buidhe le scaipeadh,
Is mé féinig mar shonóchar ar cóiriú do leabthad."
"Éist, éist a óig-bhean, táim breoidhte, tinn, caithte;
Tá mo mhuirear ró óg is ní cóir iad a scaipeadh,
Má tá do spré nua agat, is mór stoc ar talamh
Gheóbhair do rogha céile a bheidh taobh leat sa leabaidh.
A rúin ghil is a ciallaig téanaim siar liom go dtím' bhaile.
Is tabharfhad duit sluagh ceanfhear breágh ciallmhar dán d'anam
Is breágh deas iad do shúile is do chúilín buidhe casda,
Is máighistir breágh prionnsa do lúbfhadh sé maide.
Thabharfhainn duit féirín d'á mb'féidir tú a mhealladh
Handkerchief craorach go mbeadh taobh air chun caithte,
Cnaipí airgid id' léintín dóitín aon mhac rí dá maireann,(continues on next page)- Informant
- Eibhlís Bean Uí Ceárna
- Gender
- Female