School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-cainnteanna cúmtha san Oileán Tiar.1: Tá... in a bheathaidh ó bhí gal i dtig Bheiginnis.
Oileán beag iseadh Beiginnis ós cómhair an Oileáin seo amach. Tá fothrach seana-thíghe ann ach is mo bliaidhain ó áitrígheadh é.2: (a) Súile dearga ar chuma Phicir (ainm madra ab'eadh Picker go raibh súile dearga aige).
(b) Ag cuardach sa buailteacha ar chuma Phicir (Bhíodh Picker ag cuardach rud le nitheadh mar ná bíodh a mháighistir puinn'na chúram).3: "Is feárr pota fe'n dtaoide ná císde dóighte" fé mar adubhairt Mic nuair a bhí an císde 'á bhácáil in Innis-Mic-Fhaoláin aige agus an t-iascaire ag glaodhach amach air.4: "Tá sí ag dul ar an gcloich orm". (sí = naomhog) adeirtear annso nuair a bhíonn cúram mór nó fotharaga ar dhuine sa tig, nó b'féidir a lán daoine timcheall na cistineach agus bean an tighe ag obair.(continues on next page)