School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 333
- XML “Na Gleannta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)4.
Bíonn gealach ann, bíonn grian ann, bíonn Dia ann a's a mháthair,
Bíonn an dá Asbol déag ann ag déanamh na Cásca,
Bíonn Naomh Mhícheál na ndiaidh ann, go dian bhreágh 'na ghárda,
Is tá an trócaire ó Dia ann an té a thriallfhadh chun a fhághailte. 5. Is mó nídh breágh aerach ar an dtaobh eile de'n drom úd,
Bíonn an coinín mear eadrom ag léimrig 'sa gleannta;
Ubhaill chúmhra i ngáirdínibh mar a gnáthach na marcaig,
Is bíonn tighearnaí na dúthaighe ag siubhal ann gach maidean. 6.
Is mó cran breágh draighinn is dair chom ar an dtaobh úd,
Is fuinnseóg dafa díreach ag fás taobh le na chéile,
Bíonn an chuach ar bárr crannaibh, ceol faoileann is naoscach,
Is suíd é mo thuairim ar an Oileáinín deas naomhtha.- Informant
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Gender
- Female
- Age
- 60