School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 337
- XML “Éamonn an Chnoic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eamonn a' Chnuic (4)Cé hé sin amuigh ar maidin go moch,
Ag réabadh mo doruisín dúnta;
Mise Eamonn an Cnuic atá báidhte fuar fliuch
Ó shíor siubhal sléibhte is gleannta.
Mo ghrádh tú is mo chuid ní'l áit agamsa duit,
Muna gcasfhainn ort bun mo ghúna
Mar go bhfuil pudar go tiugh d'á shéideadh amuigh,
A dhéanfadh sinn araon a mhúscailt.
2
Má seasuighim-se 'sa rith go seachtmhain ó indiu
Tiocfad go minic ad' fheachaint,
Is fágfad-sa 'gat, bábáinín mic,
In imeall do bhrollaig gléigeal.
Mo ghrádh tú is mo chuid is ná deinse é sin
Is ná cuimhnig ar an olc a dheanamh,
Mar d'á bhfágfá sa agam bábáinín mic
Níor b'aon tairbhe duit sa tsaoghal é.
Sé mo léan ghéar a bean gan me féin is tú seal
Siar is ó dheas chun lonndain,
Nú sa Ghréig amach ó Éirinn ar fad
Mara leigfhinn seal mo rún leat.(continues on next page)- Informant
- Eibhlís Bean Uí Ceárna
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó Guithín
- Gender
- Male