School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 343
- XML “Galar an Ghrá”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mo chreach is mo chás nách claoidhte an galar an grádh,
'Sis mairg go mbíonn sé air, mí nó seachtmhain nú lá,
Mar do bhris sé mo chroidhe is do chlaoidh sé an t-asna im lár,
Is codhladh ní bhfhaighinn ach ag taidhbhreamh ar mo dhian ghrádh.2.(léigh línte in ord 1, 2, 3, 4)
1.Do casadh sluagh sidhe orm síos chun lios Bhaile Ghá,
3. Dubhairt duine acu liúm go ciúin, go tais is go tláth;
2. Is d'fiosruigheas díobh cad é an nidh do leighisfeadh an grádh,
4. An rud a théigheann ins an gcroidhe ná scaoiltear as é go bráth.3.
Cuid dos na mná bíonn grádh acu d'fhearaibh an tsaoghail,
Tá cuid dos na mnáibh is bíonn grádh acu do bharracha a méar,
Ní mar sin dom ghrádhsa níl grádh aici d'aoinne ach dom féin
Is go bhfeicfead-sa an lá go gcuirfheadh fáinne isteach ar a méir.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Guithín
- Gender
- Male