School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Galair ar Ainmhidhthe.
Beithidhig:
Teine Dhia:
Comharthaí: Gearb a thagann ar aghaidh an bheithidhig. Deineann leac do'n gearb agus bíonn an croiceann gairgrithe.
Leigheas: Sé an leigheas atá air ná an chloch ghorm a leigheadh agus aghaidh an bheithidhig a nighe leis an uisce. Bíonn an galar so díoghbhálach uaireannta. Galar Cam:
Comharthaí : Is amhlaidh a bhíonn ná an beithidheach ag imtheacht ar leith a cliatháin agus ag casadh timcheall. Clog uisce a bhíonn san inchinn.
Leigheas: Sé an leigheas a bhíonn annso ar an ngalar cam ná poll a dhéanamh san áit gur dóigh le duine go bhfuil an clog agus an t-uisge a scaoileadh amach. Faithiní:
Comharthaí: Cnopáin bheaga cruadha a thagann chabhail agus ar chosa an bheithidhig.
Leigheas: An leigheas céadna is atá ar an dTeine Dhia. Ní'l an galar so ró dhíoghbhálach.
An Bhó:
Briunne Dhearg:
Comharthaí: Bíonn sí ar bheagán bualtaig agus uisce fola aici agus í an-chruaidh 'na cliabhlach.
Leigheas: Sé an leigheas a bhíonn aca annso ar an ngalar so ná sgeach gheal a bheirbhiú in(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chatháin
- Gender
- Female
- Informant
- Pádruig Ó Slatartha
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Na Cluainte, Co. Kerry
- Informant
- Peaid Sheáin Ui Chonchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry