School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí mac feirmeóra fadó ann agus thuit sé i ngrádh le bean ná feacaidh sé riamh. Ní fhéadfadh an saoghal mór é a chosc ar imtheacht ar a tóir, bhí grádh chomh mór san aige do'n mbean ná feacaidh sé riamh. D'iarr sé ar a athair costas an bhóthair a thabhairt do. Thug an t-athair capall iallaite dho agus cúig púint déag chun an bhóthair. D'imthig sé air agus e ag cur an bhóthair do bhí cóirí agus corp [?] leagaithe acu ar chrosaire le cur.
D'fhiafruig sé dhíobh cad na thaobh ná cuirfidhe an corp. Dúbhradar ná cuirfidhe mar go raibh £10 fiacha air agus ní leigfidhe as an dtoirt é go ndíolfidhe na deich bpúint. Chuaidh sé isteach eadortha is do shín sé chúchu [?] na deich bpúint as. Thógadar leo annsan é chun an teampaill. D'imthigh Seán i n-aoinfeacht le sa chóiridhe. Nuair a leigeadar uatha an comhra ar a(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Chiobháin
- Gender
- Female
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Occupation
- Fíodóir
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry