Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 477

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 477

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 477
  3. XML “Galair ar Ainmhithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i dtuirpintín a tharrach trí cheathramhain an ainmhidhe, ach fé mar adeir an seanfhocal "I dtosach na h-aicíe is fusa í leigheas", caithfear é do dhéanamh nuair a thosnuigheann an galar.
    An Madra
    Labhra
    Comharthaí:- Mearathal a thagann 'na cheann, agus cubrán bán le n-a bhéal. Bíonn sé ag rith ar fuaid na h-áite agus gach aon scréach aige.
    Leigheas: Sé an leigheas atá air ná purgóid mhaith "salts" a thabhairt dho, nó cnopán de shóid nigheacháin. Is minic a caithtear é lamhach.
    An Capall
    Coilic
    Comharthaí:- Bíonn an capall á caitheamh féin le pian
    Leigheas: Fuisgi nó biotáille stáluithe a thabhairt le n-ól dhi.
    Pucháin
    Comharthaí:- Cnopáin a thagann at a scórnaig
    Leigheas: Cuirtear blonog gé leis an bpuchán.
    Fearsaí
    Comharthaí: Bíonn cabhail agus cosa an chapaill séidhithe
    Leigheas: Féar beirbhithe a chur leis an gcapall/ Bhíodh artha éigin ag sean-mhná (agus ag Seanfhearaibh leis) a deiridís ós cionn an chapaill. Tugtaí artha an fhearsaí air.
    Fathach
    Comharthaí: Tagann an fathach go minic ar chapaill. casachtach iseadh é.
    Leigheas: Sé an leigheas atá air ná bruin te a thabhairt dhi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
            1. medicine for animal sicknesses (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chatháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Slatartha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Na Cluainte, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Peaid Sheáin Ui Chonchubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry