Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtuirpintín a tharrach trí cheathramhain an ainmhidhe, ach fé mar adeir an seanfhocal "I dtosach na h-aicíe is fusa í leigheas", caithfear é do dhéanamh nuair a thosnuigheann an galar.
An Madra
Labhra
Comharthaí:- Mearathal a thagann 'na cheann, agus cubrán bán le n-a bhéal. Bíonn sé ag rith ar fuaid na h-áite agus gach aon scréach aige.
Leigheas: Sé an leigheas atá air ná purgóid mhaith "salts" a thabhairt dho, nó cnopán de shóid nigheacháin. Is minic a caithtear é lamhach.
An Capall
Coilic
Comharthaí:- Bíonn an capall á caitheamh féin le pian
Leigheas: Fuisgi nó biotáille stáluithe a thabhairt le n-ól dhi.
Pucháin
Comharthaí:- Cnopáin a thagann at a scórnaig
Leigheas: Cuirtear blonog gé leis an bpuchán.
Fearsaí
Comharthaí: Bíonn cabhail agus cosa an chapaill séidhithe
Leigheas: Féar beirbhithe a chur leis an gcapall/ Bhíodh artha éigin ag sean-mhná (agus ag Seanfhearaibh leis) a deiridís ós cionn an chapaill. Tugtaí artha an fhearsaí air.
Fathach
Comharthaí: Tagann an fathach go minic ar chapaill. casachtach iseadh é.
Leigheas: Sé an leigheas atá air ná bruin te a thabhairt dhi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Slatartha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Cluainte, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Peaid Sheáin Ui Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí