School: Naomh Breandán, Baile na nGall (roll number 14480)
- Location:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Teacher: Tadhg Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear i mBaile na h-Abha darbh ainmh Paidí na hÍnse agus bhí se ag dul an Daingean le clíabh móna agus do cailleadh é ag barra an Mháma agus é ar an tslíghe abhaile. Do bhí cuid de's na daoine an uair sin á mbreabadh ag na "Supers" agus ghéobhaidís súp i n-aisge úatha dá n-iompóidís na "Supers." D'iompuigh cuid de's na daoine leis an súp agus do cailleadh na daoine nár dh'iompuigh.
Do bhí mac ag lanamha bocht thall i nGrafaoidhe dár b'ainm Seán. Lá amhain rith sé isteach go dtí a mhuinntir agus dubhairt sé leó go raibh an coghadh an Mam aníar. Do thainig dath an fhalla ar an mbeirt agus d'imthigheadar leo soir fé dhéin na bhfaillteacha agus chuaidh síos ionnta.(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Caomháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- An Chlais, Co. Kerry