School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 606
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin léim splannc isteach an doras agus d'imthig amach tríd an bhfalla arís.
Do thug an sagart léim as a chorp rith sé amach an doras. Nuair a bhí sé amuigh ní raibh aon tig ann. Do bhí an mhaidean ag breachadh agus do chuaid an sagart abhaile agus é ag caoineamh ar an slíghe a bhí an oídhche caitte aige. Is amhlaidh a bhí an tig fe draoidheacht agus is é an diabhal agus a chuid clis a bhí ann a deir na sean-daoine am bhaile seo. - Bhí sagart i gCo. Chorcaíghe fadó agus bhí sé ina chómhnuighe i dteannta a dhreabhtháir a raibh muirear mór aige. Bhíodh an sagart ag léigheamh leabhar éigin gach oidhche ach bhíodh ionamad gleó ag na leanbhaí agus b'éigean dho dul go tig ósta a bhí tamall mhaith ó'n(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry