School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 608
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ana mí sásta leis féin gach aon lá dá saoghal. Ní stadadh sé ach ag rádh leis na daoine go mb'fheárr leis a bheith caillte agus curtha.
Aon oidhche amháin bhí taidhreamh aige go raibh sé ag dul go dtí Flaithis Dé agus go raibh bóithrín ana deacair le siúbhal ag dul ann. Nuair a bhí sé ana ghairid do's na Flaithis chonnaic sé Dia chuige agus a lámh anáirde aige ag deanamh chómhartaí do imeacht as an áit go h-Iofrionn.
D'imthig sé fé dhéin Ifrionn agus bhí an bóithrín sin ana fhuirist le siúbhal go raibh sé ar nós sráid. Bhí sé ag imtheacht leis ar feadh tamaill agus is geárr go gchualaidh sé na h-anamacha ag dóghadh agus chonnaic sé an diabhal agus dhá adhairc ratha air agus crúba asail ag deanamh air agus ag deanamh cómhartaí do imtheacht as an áit.
Lé na línn sin dhúisig sé agus nuair(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry