School: Smerwick (B.)

Location:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Smerwick (B.)
  2. XML Page 160
  3. XML “Na Triúr Fearaibh Gorma”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    shlaitín agus dhein gaiscideach fir do féin arís. Do bhain sé an ceanghal dá bháidín arís agus chuir faoí sheólta í agus thug agaidh ar a tír dhúthchais Éire arís. Níor dhein sé stad ná staonadh arís gur bhain amach lár an chuain an áit a dfág sé na triúr bhfear gorm. Do thog sé aníos iad agus theaspáin a chaipín féin do gach duine, agus ar fheiscint san dóibh do thuiteadar fuar marbh ar thóin an bháid slán mar a nínnstear iad. Thug Fionn agaidh ar an mbaile agus bait léis na Fianna cá raibh sé agus cad as gur tháinig sé acht ní leigfheadh Fionn a rún leo, agus chaitheadar a bheith shásta.
    Nuair a tháinig Rí na bhfear ngorm abhaile bait leis cá raibh an leanbh agus chuardaig sé síos suas an chúirt acht ní raibh tásc ná tuairisc lé fághail air. Do chuaid an Rí go dtí an áit in a mbíodh na trí caipíní agus tháinig crith cas agus lámh air nuair ná feacaid sé iad. Do thug sé gur bé Fionn Rí na bféinn a bhí dá thógaint aige féin agus anois nú ariamh go raibh deire lé na triúr mhac féin. Do tháinig dearg buile air agus dúbhairt sé mar a mbaineadh sé díoghaltas do Fionn & den bhféinn ná bead sé féin na bheathaid. Do bhailig sé a sluaighte agus a cabhlach agus tug agaidh ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Tómas O Morchadha
    Gender
    Male