School: Smerwick (B.)

Location:
An Mhuiríoch, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 161

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Smerwick (B.)
  2. XML Page 161
  3. XML “Na Triúr Fearaibh Gorma”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Éirinn. Do bhíosa aige an bhféinn go raibh an tóir ag teacht agus bhí a gcip & a meannaithe ullamh aca. Do bhí duine aca ag faire ins gach áit. Do bhí Diarmuid Ó Duibhne ag faire i mBínn Diarmuda i gCiarruidhe agus beirt eile ag faire i Struicín Marthín, Ceann Crithmhair duine aca. Oidhche do thuit a chodhlad ar an mbeirt agus do tháinig an tóir i gan fhios ortha agus thánághdar i dtír i dtráig fionntrágha i gCiarruidhe Thiar. Do bhailig na Fianna lé chéile agus thug an dá shluag le chéile agus troideach cath millteach fíochmhar a mhair bliain & lá. An lá seo bhí gach aoinne den da bhuidhean marbh acht Fion & Rí na bhFear nGorm. Anois an tam agumsa túsa a mharbhú agus díoghaltas a bhaint duit i dtaobh mo thriur mac a mharbhú le's na trí caipíní gorma. Do thug an bheirt fé chéile agus bhí dearg ruathar aca agus deirtar go gcloistaí cnagarnaig na gclaimhte trí mhíle ó bhaile. Ar deire thiar thall bhí an Rí ag fághail an lámh uachtair ar Fíonn & díreach & é chun Fionn do mharbhú agus buille fíochmhar do thabhairt do nuair a léim Bran Cú Fhinn sa mhullach ar an Rí agus thacht é. Is mar gheall ar na dtrí bhfir ghorma seo a thárluig Cath Fionntrágha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Tómas O Morchadha
    Gender
    Male