Scoil: Scoil N. Breandán

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Kerry
Múinteoir:
Tadhg Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Breandán
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Lá Fhéile Pádraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Fúaireas an amhran seo ó Seamus MacÉoin, seanduine i n-aois 80 bl. atá ag maireachtaint i mBaile an Chnocáin sa pharóiste seo. Ní fheadar cé fáth "Lá le Pádraig" a thúbhaist (a thúbhairt) ar an amhrán. Deir Seamus gur línn a óíge a phrioc sé súas é. Feirm bheag atá ag muinntir Shéamais. Tugtar an "Púncán" mar leas-ainm air toisc do tamall a chaitheamh thall)

    (I)
    Lá le Pádraig am shuidhe i dtig an tábhairne,
    Agus cleachta cluinne lem thaobh ag ól,
    Bhí Máire mhánla na gcúacha bána ann,
    A cneas mar bhláth is a grúaidh mar ór.

    (II)
    Do bhí dís do shár-fhir na suidhe ar cheann chlár ann,
    Do thug serc is grádh 9gean) don oileann óig,
    Do bhí fear siúste is ránn agus máighistir scoláirí, -
    Do sgríobhadh a lán agus do leígheadh go leór.

    (III)
    Do labhair gach aon díobh na pháirt féinig,
    Ag moladh a dtréithe leis an maighdean óíg,
    Feachaint ar bhfeídir an tseift a dhéanamh,
    Araon tslíghe i n-aon chor chun teacht na chómhair.

    (VI)
    Is é dúbhairt an spéir-bhean do bhí ciúin tais maordha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Patrick (~140)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Mac Éoin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Baile an Chnocáin, Co. Kerry