Scoil: Scoil N. Breandán
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Breandán
- XML Leathanach 188
- XML “An Tuirne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ⅰ
Dhein Líam Ó Flionn dom Úrna,
Go mbriú giní 'gus céad é,
Agus níor dh'íarr aon díol mar ghúil air,
Dá rún san táim buidheach do.
N'feacaidh déil ná úghdair ná aon phrionnsa dá léigheanntacht
Aon bhall chómh deas leis cúmtha chuin iompódh úaidh féinig.
Ⅱ
Té chífeadh mo th-Úrna agus é dúin mhaith chuig sníghte,
Fuaim aige sa chúinne aghs a strúghdaighe gan scaoileadh,
Ua cosamhail leis an ngall-trumpa é nú an búgail mór dá aoirde
Núair a bhí spócai is moll ó Lonndain air agus súnnsai mór tímcheall.
Ⅲ
Tá bean-tíghe anso láimh liom, tá trácht thar é dhíol léi,
Agus ní thúbharfainnse mo thÚrna ar a bfuí í ná a sinnsear.
Sé an méid a shnaoigheann mo bhean sa ló lais agus gearra dhubh don oidhche,
Naoi bpúint, naoi scoith, naoi scáinne den gáimiric ba chaoile.
Ⅳ
Caithfidsa úaim mo cheólta agus an deamhan tínnt eile nú sníomhfad
Siubhalfaidh 'meba bóithre agus cóstai na tíre
Cuirfidh 'me moll breágh nuadh ann agus cás air mór thímcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Éoin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Chnocáin, Co. Kerry