Scoil: Scoil N. Breandán
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (File a mhair sa Leitiriuch ar an dtaobh eile do chnoc a dhein an dán so. Tá an dán ag a lán daoine sa pharóiste seo. Seán Ghúisrí ainm an fhile. Sí Máire Ní Conchubhair Baile Reó a thug dómhsa é.)I.
Shuidheas cois na trágha láimh le barra taoide,
Faid a bheidh an féar ag fás bead'sa go bráth sínte,
Nách cleoidhte an chás fear dánta is laoighthe
Chuir síos sáidhte san áit ná casfaidh choidhche.
II.
Sé ríaghail na Cille go leigeann sí gach aoinne isteach,
Sé dlíghe na roilige ná leigeann sí aoinne amach,
Gach cách mar d'imthig ní fhillfaidh go deó ar ais,
Is nách mór an trúagh mise ná tuigeann go cruaidh an smacht.
III.
Tá mo thoise san iúr go dlúth fé rí na leacht,
Ag daradeóil dhubha am siubhal gan ríaghail gan smacht, bhead ansúd go deó na dtreamh,
Gan solus am shúil is gan fúm acht cré agus greann.
IV.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Conchúbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Reo, Co. Kerry