School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)

Location:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 544

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 544

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Page 544
  3. XML “Céadach agus Grua Dhearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D’fosghail sé an dá dhoras agus sgaoil sé fear aca amach gach doras agus dubhairt sé leí an té bfeárr leí a leamhaint anois. D’imtigh sí in dhiaidh Céadach agus níor bachadh fear na leath-súil.
    Chuaidh Ceadach agus a bhean isteach i gcoill agus bhain Ceadach mórán adhmaidh ann agus dheín sé tig mór breág do. Nuair a bhí an tig déanta d’imtigh sé ag fiadhach lé na ghadhair agus mhairbh sé oireadh feola agus deunfadh aoinne amháin ar feadh lae agus bliana.
    Dubhairt sé lé na bhean go raibh bliain aimsire ag Fionn Mach Cumhail ó Éirinn air agus go gcaithfeadh sé í tabhairt do. D’imtigh sé air agus níor dhéin sé aon stad go gcasadh isteach go Chúirt Fionn é. Bhí na Fianna go leir ar an ndeinnéar roimis agus ghabhadh Conán I gcomhnuidhe smior na gcnámh go dtagadh an stróinséar. “Is feárr a bainfá an greim as ár mbeul” adubhairt Conán “na thabharfá an t-Éadach Cláir agus an Chorn Óir ó Chaol an Iarainn leat”. “Ní bheidh san lé rádh go deó agat liom” arsa Ceadach “Ní luighfhidh mé dá oidhce ar aon leabhaidh, ná ní iosfaidh mé dá bhéile amháin bídh ar aon bórd go dtabharfaidh mé liom iad. D’imtigh sé air agus níor stadh sé riamh na coidhche go gcasfadh isteach go Riocht Caol-an-Iarainn é. “Cuir amach an Corn Óir agus an t-Éadach Cláir arsa Céadach le Caol-an-Iarainn nó mar an gcuirfhir tair ag comhraic”. Buail Céadach buile ar an nguaile comhraic annsan agus dúbhairt sé gur bé féin an fear nár theith siar riamh in-aghaidh a chúil I n-aimsir Catha ná chruaidh cómhrach agus ná teithfeadh go dteithfeadh na túrtóga. D’fiafruigh Caol-an-Iarainn do an raibh puinn fear uaidh. Dubhairt se go raibh “seacht gcuid ar a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Muiris Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Flaithbheartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry