School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do aon t-saghas cnapáin a bheadh ar dhuinne go leigisfí íad.
Seo bhéarsa a bhaineann lé ceann mairt a mharbiúghtaí, agus a cheann a thabhairt don ngabha."Ceann reamhar mhairt
Súp a bheadh go ceart,
É a thabhairt don ngabha mar mhaith
Má bhfiú é - é.Is i gceann agus i muineál gach mhairt is mó a bhíonn súp, agus bíonn gaibhne scílighthe chun braon súip d'fhághail. Dá mharbhochadh duinne bó nó caoíre agus na thabharfadh sé an ceann do'n ngabha, bheadh sé ar buile leis an té a mhairbh an mhairt nó an chaoíre. Cuireadh daoíne bronntanaisí chun an ghabhan thar éinne eile. Cuireadh daoine mála prátaí nú púnt ime nó ceathramhadh feola chuige i gcómhair na Nodhlag.
Seo athra a bhíodh ag gaibhne chun franncaig do dhíbirt:-"Más franncaig uisce sibh nó cé gur cine sibh
Fágfaidh an meitheall ar an choínnleacht
Is teighidh súas ar an dtobar go dtí Pádruig gliogarach Bhríghde
Gheobad sibh seomra cluthara aige agus prátaí trioma
Málaí mine aige, is cead bheith á n-ithe ar bhur ndichealll"Thiar i mBaile an Ghleanna a bhí an gabha seo agus bhí a thig is a gharraidhe ithte aige franncaig. Bhí spite ag an ngabha chun Phádruig ghliogarach Bhríde, agus dhéin sé suas an athra so agus tráthnóna tiar chonnaic muínntir Dún Caoín scata franncach ag gábhail ó thuaidh go dtí an dtobar. Déineadh gaibhne plástair do chapaill agus leigisfidís aicidí a bhíodh ortha.Bhíodh scéalta fada fiannuidheachta á ínnsint sa céardchain fadó. Deirtear dá mbéadh sluagh daoíne maithe amuig istoidhche ná feadfhaidís dul thar an gceardcain. Bhí bean agus féar ann fadó a bhí mór lé(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Beodláin
- Gender
- Male
- Address
- Fán, Co. Kerry
- Informant
- Labrás O Murchadha
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 76