School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 414
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá tobar naomhtha suidhthe í mbaile Ríach. Téigheann daoine ann ar an 29adh lá dé Mheitheamh chun na turasanna a dhéanamh...”
Tá tobar naomhtha suidhthe í mBaile Ríach. Téigheann daoine ann ar an 29adh lá dé Mheitheamh chun na turasanna a dhéanamh. Caitheann siad cloch beag isteach sa tobar gach uair a téigheann siad timcheall an tobair.Deirtear gur leigheasach daoine ann fadó. Tógann na daoine cuid de'n uisce abhaile leó mar deirtear go raibh leigheas éigin san uisce.Oidhce amháin do bhí duine ag dul tré'n áit 'na raibh an tobar beannuighthe. Do culaidh sé glór éigin fé mar bheadh sé ag rádh paidreacha. Do stad sé agus d'féach sé mór-timcheall. Ní fheacha sé aon nídh. Nuair a bhí sé inaice an tíghe arís do cuala sé an glór mar bheadh duine ag rádh paidreacha. Nuair a chuaidh sé abhaile an oidhche sin do bhí sé díreach ag dul isteach codladh nuair a chuala sé an glór arís. D'inis sé de' na cómarsain an oidhche 'na dhiaidh sin cad a cuala sé. Nuair a bhí sé ag dul abhaile arís chuala sé an glor. Níor chorraidh sé amach as an tigh aon oidhche as san amach.- Collector
- Seán Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Informant
- Pádruig Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- An Chuileannach, Co. Kerry