School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 266
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá gleann inaice le Tráighlí agus Gleann Sgoithín a ghlaodhtar air. Fadó aon duine a thiocfadh tríd an gleann ist-oidhche marbhóchfí é agus tógfí gach rud uaidh...”
Ainm an té do bhailigh
Pádruigh Ó Muircheartaigh
Dún Síon
Ainm an té do thug
Tadhg Ó Muircheartaigh
Dún Síon
Tá gleann inaice le Tráighlí agus Gleann Sgoithín a glaodhtar air. Fadó aon duine a thiocfadh tríd an gleann ist-oidhche marbhóchfí é agus tógfí gach rud uaidh. Bhí bean sa gleann gach oidhche agus teine ag teacht as a béal. Oidhche amháin bhí beirt fhear ag teacht tríd an gleann. Bhíodar ar meisce. Do connaiceadar an bean cúcha agus teine ag teacht as a béal. Do cuadhadar cuiche agus rugadar uirthe. Do fuaireadar téadán agus do ceanngluigheadar í. Do rugadar go dtí na gardaí í agus do bhaineadar san an rud a bhí ar a aghaidh di. Nuair a connaiceadar a aighaidh fuaireadar amach gur bean í ó baile beag a bhí sa gleann. Do cuirfeadh trial cuirte uirthe agus do crochadh í.- Collector
- Pádruigh Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Dún Séann, Co. Kerry
- Informant
- Tadhg Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Dún Séann, Co. Kerry