School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Pháis.
B'fhearr aon deor amháin aithrighe sa pháis ná urnuighthe a cumadh as bhéal daoine eile dá dtáinig. Míle buidheachas leat-sa a Íosa, Beir mé leat go Ríoghacht na bhFlaitheas. Amen.
Ní'l aon chrann ag fás tré thalamh ná go bhfuil lán dá thorthaibh. D'orduigh an Rí dá ghrásta ag fághail na Páise 'gus dá fullaing. Tairgne tré d-a dhéarnachaibh gan amhras do cuireadh. Do bhí a máthair féin ag féachaint air, is nár céasta léi é sin. "A shluagh mór Iudachaibh gan truagh agaibh do'n Slánuightheoir acht n 'l fhios agaibh cad tá a' dhéanamh agaibh" Is mór an brón a chorp d'fheicsint tréighthe go ro-mhór. Is truagh mór Séamus agus Eoghan agus Peadar faoi bhrón. NÍ scaolfí an Slánuightheoir anuas dó'd gcrois cúcha mar ní raibh anam 'na goile.
Do sgread a dhá sgéith is do ghoil an Mhaighdean Mhuire. Do leig dhá ghlaoidh déag i gcomh-chlos do'n saoghal uile. Do faisceadh na córdaí cruadha cnámh ar a dhá-láimh go ró - árd. Mar bhí na Iudachaibh ag magadh is ag déanamh amadáin de, Mac Mhuire a bhreith go tigh Píolait lán de rinnce is de shólás acht ní uair rinnce agus sólás é, acht uair doláis móir agus guil. Siobhán Ní Shúilleabháin
Baile an Lochaigh
BaiIe na nGall.- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry