School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i n-am ar ngábhtar. Is tú an cara leighis dúinn i dtinn nó i sláinte agus cumaraighim m'anam ort sa Flaithis anáirde. Cabhair agus grásta agus cáirde ó Dhia chughainn, cabhair gach lá is táimíd á iarraidh. Sacraimínt na h-Aithrighe gp neartighidh Dia linn agus cumaruighim m'anam ort a Mhuire Mhaighdean Tighearna. Gaibhim fí timcheall a Michíl naomhtha nó ar an Naoimh a bhí ag tadhlacann na n-aon Mhic, ar Naoimh, ar Aingil nó ar Easbolaibh, a chléirigh nó ar na labhair a bhí bodhar gan éisteacht nó ar na daill ná feiceadh aon rud nó ar na mnáibh a chimil díot an t-éadach go bhfuair sí na grásta is an t-sláinte i n-aoinfeacht. Amen. Paidir roimh an ChoróinnOfráilim suas Coróinn na gCúig nDeichneabhar i n-onóir do Maighdin Glórmhar, a chur idir dhá láimh an Athar Siorruidhe i n-onóir do pháis agus bás ár dTighearna is i n-onóir dá ais-eirghe glórmhar.Paidir ag coigilt na TeineCoigilighm an teine fé mar a choigiligheann cách
Muire i gceann an tighe agus Brighid in-a lár
Na h-Easpoil Naomhtha agus a bhfuil sa Flaithis go h-árd
Ag coimeád an tigh agus a bhfuil ann go lá.- Informant
- Seán Ó hAinifín
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Mhuiríoch, Co. Kerry