School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do mhair triúr fear thiar i nDún Chaoin – Baile an Fhirtéirigh – tamall maith de bhliadhantaibh ó shoin agus bhíodar beo bocht, cé go rabhadar pósta agus muirear mór ortha. Tháinig triúr acu lé chéile aon lá amháin agus do shochruigheadar eatorra féin go raghaidís ag tuilleamh a bpáigh dóibh féin mar ná féadfaidís maireachtain gan ádhbhar airgid a bheith acu chun iad féin a chothú.
Chuadar abhaile agus dubhradar le n-a mnáibh lón bídh a dh'fhághail ullamh dóibh féin go mbeidís ag imtheacht síos go lár na h-Éireann ag obair. Tháinig an mhaidean agus d'imthigheadar triúr chun bóthair. Bhí tamall maith de'n bhóthar curtha thársta acu nuair a bhí an oídhche ag druidim leo, agus chonnacadar tigh beag tuighe ar thaobh an bhóthair agus dubhradar le n-a chéile go gcuirfidís fútha ins an tigh sin an oídhche sin. Chuadar isteach ann agus ní raibh duine ná daonnaidhe i n-a chomhnuidhe ann acht cnocán mór luaithe i lár na cistineach.
Do shíneadar ar an úrlár agus do thuit a gcodhladh ar bheirt acu acht néal níor thuit ar an dtriomhadh fear. Timcheall am mairbhe na h-oidhche do chonnaic an fear so dhá chat anáirde ar an gcnocán luaithe agus iad a rádh le chéile go raibh(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbha, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Baile na hAbha, Co. Kerry