School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
![The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 094](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_094.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 094
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do ghuid sé í sa deire agaus bhí feoil acu uirthe go ceann seachtmhaine. Bhíodh sé ag tabhairt ceann leis i gcomhnuidhe acht sa deire do mhothuig an dearbhráthair saidhbhir na caoirigh ag imtheacht uaidh. Bhí amhras aige ar an dearbhráthair bocht. Lá amháin do chuimhnigh sé ar sheift. Do chuir sé a mháthair isteach i mbosca mór agus dhein sé poll beag ann. Chuir sé a dóthain bídh isteach cúiche. Leig sé air go raibh sé ag dul go Baile Átha Cliath agus chuir sé an bosca síos go tígh a dhearbhráthair. Dubhairt sé gur rud éigin luachmhar a bhí ann agus nár mhaith leis é a fhághaint sa tigh. Bhíodh an slataire sa tigh i gcomhnuidhe. An lá so dubhairt sé go mbeadh fhios aige féin cad a bhí sa bhosca. Bhaineadar an clúdach de'n mbosca agus cad a bheadh ann acht an t.sean-bhean agus cnámh i n-a bhéal aice. Ní dhein sé acht í thachtadh leis an gcnámh. Do bhuail sé ar an gclúdach arís. Nuair a tháinig an dearbhráthair abhaile do thóg sé leis an mbosca arís agus nuair d'foscail sé é fuair sé an tsean-bhean marbh. Do bhí tórramh mór uirthe. Nuair a bhí sí curtha agus gach aon rud socair dubhairt an Slataire leis an bhfear bocht dul ag triall uirthi agus go gcuirfidís i n-a seasamh ag dorus tighe an dearbhráthair saidhbhir í. Thugadar leo í agus dheineadar san. Nuair a chuaidh an buachaill aimsire chun biadh a(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Loinsigh
- Gender
- Female
- Address
- An Choill, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Ní Ghuithín
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry