Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean-tig follamh ar bhruach na trágha i mBaile'n Reannaigh. Tá sé le feiscint ann fós agus is léir do ghach aoinne nach fothrach é.
Sé seo an scéal a bhaineann leis. Fear darbh' ainm Aodh Ó Curráin a bhí ina chomhnuidhe sa chomharsanacht thóg sé an tig nuadh san roinnt blian ó shoin. Sé an rud a bhí uaidh ná tigh tabhairne d'oscailt ann, mar mheas sé go ndéanfadh sé go maith ann, go gcasfadh na h-iascairí isteach chuige go minic chum braoinín d'ól.
Chaith sé roinnt mhaith airgid leis an dtigh, is nuair a bhí sé criochnuighthe cheannuigh sé trioscán is chuir sé ann é. Annsan chuaidh sé chum cómhnuighe ann. An chéad oidhche thóg sé an leabadh air féin is thuit a chodladh air. Mo bhrón: i lár na h-oidhche dúisigheadh go h-obann é leis an bhfothram. Annsan thosuigh an screadaigh agus an t-ologón agus bhí allus ag teacht ar an bhfear mbocht leis an scannradh. Bhí sé beag-nach as a mheabhair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry