School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do luig an droch-shaoghal ana throm ar na daoine sa cheanntar so. Do bhí i bhfad níos mó daoine i nÉirinn san am san ná mar atá anois.
Do lobhaidh na prátaí ins na poill agus ins na tighthe an uair sin. Do bhí turnapaí aca agus do lobhaidh na turnapaí agus ní raibh aon rud le n-ithe aca ach duileóga na gcrann agus féar glas , is do cailleadh mórán aca.
Aon mhaidin amháin nuair chuaidh na daoine amach bhí fear marbh ar an áit na bhfuil "Scoil Bhaile Uí Dhuibhne" suidte agus duileóga crann 'na bhéal aige. Agus bhí bean ann agus bhí mórán clainne aice. Ní raibh aon rud le n-ithe aca agus do chuir sí síos pota cloch agus nuair(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó hUallacain
- Gender
- Male