School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuirimíd prátaí ar an bhferm sa bhaile gach blian. M'áthair ullmhuigheann an talamh n-'a gcóir. Cuirtear aoileach nó feamnach mar leasú ar an talamh roimh ré. Is i n-iomairí a cuirtear síol na bprátaí. Le céachta a chuirtear síol na bprátaí. Do h-usáideadh ceachta adhmhad im ceanntar. Deineadh na rámhainní sa cheanntar.
Sara a gearrtar an t-síol prataí bíonn siad istigh i dtigh. Is í mo mháthair de gnáth a gearrann iad. Is le rámhainn a sadhtar iad, bíonn duine i ndiaidh an duine a bhíonn 'á sádad agus dúnann sé na puill le ramhainn. Cabhruigheann na cómharsain le céile ag cur na bprátaí.
Cuirtear prátaí go léir i gcart sa pháirc agus cuirtear tuighe ortha. Cuirtear cré ortha annsan. Poll a tugtar ar sin.
Na daoine a bhíonn drilleanna aca, deantear na claiseacha a dhúnadh le céachta. Bíonn na drilleanna ró-árd agus deintear iad do leaghadh agus do leibhéaladh le píosadh adhmgáid. Deintear cré(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Informant
- Bean Mhic Gabhann
- Gender
- Female
- Address
- Illauncaum, Co. Kerry