School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chur leis na gais, nuair a bhíonn siad ar bharr iothrach. Tar éis mí, deantear an slachar a bhíonn ag fás ar na drilleanna a bhaint. Cuirtear aith - cré leis na gais tar éis tamaill. Deintear iad a sprayáil cúpla uair i gcoinnibh an duibh i rith an t-samhraidh. Deintear iad a bhaint mí Meadhon Fhoghmhair. Annsan deintear iad do cnúsach. Cuirtear idtaisce i dtighthe no i bpuill iad. Seo síos na prátaí is mó a fásann sa ceanntar. Arran Bannar, Golden Wonder, Epicure, Arran Chieftain, Shamrock and Kerr's Pink.
Ní fhéadaim a dhéanamh amach aon fhochal a bhaineann le prátaí do cur. Do usáidtí prátaí cun starch a dheanamh sa cheanntar timcheall le dachad blian ó shoin. Geibhidís channa stáin agus cuiridís puill ann. Do ghlainidís agus bhrisidís na prátaí. Cuiridís na prátaí isteach sa canna agus cuirtí uisge isteach leó. Fágtí na prátaí san uisge ar feadh tamaill agus annsan deintí é do chur tré criathar bíotar 'á chriathar no go mbíonn an t-uisge ana-glan agus tugtar starch ar an uisge a bhíonn fáthca. Deintear plúr de'n práta annsan agus deintear aran de'n plúr. Cuirtear stampí ar an aran.(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Informant
- Bean Mhic Gabhann
- Gender
- Female
- Address
- Illauncaum, Co. Kerry