Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirimíd prátaí ar an bhferm sa bhaile gach blian. M'áthair ullmhuigheann an talamh n-'a gcóir. Cuirtear aoileach nó feamnach mar leasú ar an talamh roimh ré. Is i n-iomairí a cuirtear síol na bprátaí. Le céachta a chuirtear síol na bprátaí. Do h-usáideadh ceachta adhmhad im ceanntar. Deineadh na rámhainní sa cheanntar.
Sara a gearrtar an t-síol prataí bíonn siad istigh i dtigh. Is í mo mháthair de gnáth a gearrann iad. Is le rámhainn a sadhtar iad, bíonn duine i ndiaidh an duine a bhíonn 'á sádad agus dúnann sé na puill le ramhainn. Cabhruigheann na cómharsain le céile ag cur na bprátaí.
Cuirtear prátaí go léir i gcart sa pháirc agus cuirtear tuighe ortha. Cuirtear cré ortha annsan. Poll a tugtar ar sin.
Na daoine a bhíonn drilleanna aca, deantear na claiseacha a dhúnadh le céachta. Bíonn na drilleanna ró-árd agus deintear iad do leaghadh agus do leibhéaladh le píosadh adhmgáid. Deintear cré(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic Gabhann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tOileán Cam, Co. Chiarraí