Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 024](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0430%2FCBES_0430_024.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0430, Leathanach 024
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chur leis na gais, nuair a bhíonn siad ar bharr iothrach. Tar éis mí, deantear an slachar a bhíonn ag fás ar na drilleanna a bhaint. Cuirtear aith - cré leis na gais tar éis tamaill. Deintear iad a sprayáil cúpla uair i gcoinnibh an duibh i rith an t-samhraidh. Deintear iad a bhaint mí Meadhon Fhoghmhair. Annsan deintear iad do cnúsach. Cuirtear idtaisce i dtighthe no i bpuill iad. Seo síos na prátaí is mó a fásann sa ceanntar. Arran Bannar, Golden Wonder, Epicure, Arran Chieftain, Shamrock and Kerr's Pink.
Ní fhéadaim a dhéanamh amach aon fhochal a bhaineann le prátaí do cur. Do usáidtí prátaí cun starch a dheanamh sa cheanntar timcheall le dachad blian ó shoin. Geibhidís channa stáin agus cuiridís puill ann. Do ghlainidís agus bhrisidís na prátaí. Cuiridís na prátaí isteach sa canna agus cuirtí uisge isteach leó. Fágtí na prátaí san uisge ar feadh tamaill agus annsan deintí é do chur tré criathar bíotar 'á chriathar no go mbíonn an t-uisge ana-glan agus tugtar starch ar an uisge a bhíonn fáthca. Deintear plúr de'n práta annsan agus deintear aran de'n plúr. Cuirtear stampí ar an aran.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic Gabhann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tOileán Cam, Co. Chiarraí