School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0527
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean saidhbhear na chómhnaidhe timcheall na h-áite seo uair amháin. Lá amháin bhuail bean deirce isteach chuicí. D’iarr an bhean saidhbhear uirrí an raibh níos mó ná aon ghúna aice le caitheamh agus dubhairt sí nach raibh. Thug an bhean saidhbhear ceann dá chótaí féin dí.
Ní fada na dhiaidh sin go bhfuair an bhean saidhbhear bás agus tháinic a bheirt inghean ag triall ar an éadach a bhí fágtha aice. Rugadar leó é. Tháinig an máthair chuca na dhiaidh sin agus ar sise, “Deamhan pioch tairbhe a bhfuaireas as an méid éadaigh a bhí agam acht tairbhe an chóta tugas don mbean bhocht. Nuair bios ag déanamh ar an dteine agus i lasta rómhamh caitheadh an cóta san teine rómham agus múcadh é. Ní bhfuaireas aon maitheas as an éadach a fuair an bheirt agaibhse, mar níor cuireadh le’m anam é.”- Collector
- Máire S. Níc Dhuarcáin
- Gender
- Female
- Informant
- Micky Mac Seón
- Gender
- Male