School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0531
- XML “Béaloideas ó Co. Shligigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is ciotchainnta an rud na h-uirlisí a chur treasna na h-uaighe tar éis é a fhosgailt nó go dtagann an tsochraid. Chualas an sgéal seo.
Uair amháin nuair a bhí Naomh Pádraig ag obair i dTír Amhalghaidh i gCo. Muigheó agus bhí buachaill aimsire aige darbh ainm Domhnaill. Sé an obair as mó a bhí idir lámha ag Domhnaill ná cipíní do bhailigh. Aon lá amhain agus é ag obair go cruaidh agus na cipíní aige agus iad ceangailte ní raibh sé in ann iad a thabhairt leis mar bhí siad ceangailte do'n talamh.Chuala Domhnaill duine éigin ag gáire agus dhearc sé ina thimcheall agus chonnaic sé fear sidhe agus é ag gáire. D'fiarfuigh an an fear sidhe de Dhomhnaill cé'n trioblóid a bhí air agus d'innis Domhnaill dó nach raibh sé in ann na cipíní a thabhairt leis. Dubhairt an fear sidhe go dtuibhrfadh sé congnamh do dá n-iarradh sé ar Naomh Pádraig cá rachad na sidheóga ar lá a' tSléibhe. D'iarr Domhnall ar Phádraig agus dubhairt sé go mbeadh siad uile caillte. Lá ar n-a bháireach as go bráth le Domhnaill agus spád agus sluasadh leis agus rinne sé uaigh do fhéin agus chuir sé na h-uirlisí treasna na h-uaighe agus léim isteach ins an uaigh. Níorb- fhada(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Gender
- Female
- Informant
- Páid Cáit Sheáin
- Gender
- Male