School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0553
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann uair amháin agus chuaidh sí amach oidhche agus cnáimhín feola ghá ithe aici. Ní raibh fhios aici cé’n tráth de’n oidhche a bhí ann mar ní raibh clog aici. Bhí na h-iascairí go léir amuigh ar an bhfairrge agus do shuidh an bhean seo cois chladaigh agus bhí sí ag baint greim as an gcnámh. Ba ghearr go bfacha sí an sluagh (?mór) mharcaigh is coisithe ag déanamh uirthi. Bhí fear in a measg a bhí ag siubhal, is d’aithin sí é is do tháinig sé i léith chúici ag caint léi, is dubhairt sé nár cheart dí bheith ag ithe amuigh san am sin is é chomh déannach
Le linn do’n bhfear sin a bheith ag cainnt léi do ghabh fear anuas chúcha a’ siubhal is gan faoi ach aon chos amháin is é ag imteacht leis ar an gcuma sin.
“Cé hé sin, nó cad é an saghas duine é?” arsan bean leis an bhfear a bhí ag cainnt léi, “nach bhfuil acht aon chos amháin fé?”
“Sin é an Chinniúint,” arsa fear eile, “is ní chuireann sé a chos faoi, agus is maith an bhail ort mise bheith annseo mar bheadh an buille builte ort. D’imthigh(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Gender
- Female
- Informant
- Séan Bán
- Gender
- Male