School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Location:
Chapeltown, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó hAiniféin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Page 195
  3. XML “Scoileanna Rince”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an Lon-dubh agus mar sin. Ní bhíodh aon rinncí gallda á cleachtadh ná á múinéadh an uair sin.
    Gach aon Domhnach a bhíodh an rinnce ba mhó ann. Bailighidís tréis an Aifrinn agus ós san go dtí annsir crúidhte na mbó bhídís ag gabháil do, ó timcheall a 1 a chlog go dtí na seachta an uair san.(?) Ní bhíodh aon duaiseanna a thabhairt ná aon Comórtas idir rincceóirí an t-am san. Ach nuair a bhíodh Ball-night nó Pósadh ann bíodh anna Comórtas ag rinnce ar an tinnteón i rith na h-oidhche. Is minic a theighidís ináirde ar an mbórd chun rinnce agus chun an comórtas a críochnú. An té ba mhó Stepanna ba gnáth gurab é siúd a bheireadh an Sway leis.
    Bíodh ana mheas ag na daoine ar na maighistrí rinnce agus daoine ciallmhara creideamhnacha a bhíodh a bhfurmór. Ní raibh aon mheas an uair úd ar an bhfear óg nó cailín óg náraibh ábalta ar babhta rinnce a dheunamh nuair iarrfaí air é. Anois níl beirt sa pharóiste a fhéadfadh Corn-phíopa a rinnce dhuit ach táid go h-oilte ar Fox-Trot agus Tango agus na Rinnce eile gallda a tháinig le meath na Scoileanna Gaodhalacha Rinnce.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó hAiniféin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Tralee, Co. Kerry
    Informant
    Bean Eamuin Páircéir
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Listrim, Co. Kerry