Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Lon-dubh agus mar sin. Ní bhíodh aon rinncí gallda á cleachtadh ná á múinéadh an uair sin.Gach aon Domhnach a bhíodh an rinnce ba mhó ann. Bailighidís tréis an Aifrinn agus ós san go dtí annsir crúidhte na mbó bhídís ag gabháil do, ó timcheall a 1 a chlog go dtí na seachta an uair san.(?) Ní bhíodh aon duaiseanna a thabhairt ná aon Comórtas idir rincceóirí an t-am san. Ach nuair a bhíodh Ball-night nó Pósadh ann bíodh anna Comórtas ag rinnce ar an tinnteón i rith na h-oidhche. Is minic a theighidís ináirde ar an mbórd chun rinnce agus chun an comórtas a críochnú. An té ba mhó Stepanna ba gnáth gurab é siúd a bheireadh an Sway leis.Bíodh ana mheas ag na daoine ar na maighistrí rinnce agus daoine ciallmhara creideamhnacha a bhíodh a bhfurmór. Ní raibh aon mheas an uair úd ar an bhfear óg nó cailín óg náraibh ábalta ar babhta rinnce a dheunamh nuair iarrfaí air é. Anois níl beirt sa pharóiste a fhéadfadh Corn-phíopa a rinnce dhuit ach táid go h-oilte ar Fox-Trot agus Tango agus na Rinnce eile gallda a tháinig le meath na Scoileanna Gaodhalacha Rinnce.
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hAiniféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Trá Lí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Eamuin Páircéir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Lios Troim, Co. Chiarraí