Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
- XML Leathanach 329
- XML “An Gabha Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do bhí ceárdcha ag an gCrois Cairn Duilcínn, agus do bhí sí ag fear mór ar a dtugadh an Ghabha Mór. Bé a ainm ceart ná Seán Ó Crónín. Do réir mar is clos dom ní raibh an cheárdcha so ró mhór ná ró leathan, ná ró dheas. Do chómhnuig an Gabha féin i Leath na ceárdchann.Do réir mar do h-innseadh dom fear mór, subháiulcheach, aerach do b'eadh é. Bhí beirt inghean, agus aon mhach amháin aige. Do bhé ainm an mich ná Mícheáilín. Ní nígheadh an Gabha Mór a aghaidh ar ais no ar éigin, agus dé bhrígh sin bí crot an fhir goirm air. Ach núair a bhíodh an lá curtha isteach aige, do thagadh sé go dtí an t-sráidh-bhaile seo, agus d'oladh sé gach pingean a bhí aige.Dubhairt na daoine go raibh draoídheacht aige cun franncaig do chur d'aon fheirmeóir, ná thiochfadh go dtí a cheárdcha. Is iad na caoráin dhubha leath-dóighte d'úsáid sé mar gúal.
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuimhneacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Gneevgullia, Co. Kerry