Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an dtaobh thiar d'en tsráíd-bhaile seo tá lios mór. Nuair a bhiodh an cailín seo go bhfuilim ag trácht uirthe ag dul ar scoil b'éigean dí gabháil treasna an leasa seo.Lá amháin bhí an cailín ag dul ar scoil, nuair a tháínig bean as an lios. D'iarr sí ar an gcailín teacht isteach cun bheith i bhfeighil an leinbh. Chúaidh an cailín agus nuair a bhí na scoláírí eile ag dul abhaile chuaidh an cailín abhaile leó. Thuit an rud céádhna amach gach lá ar feadh seachtmhaine. Annsan nuair fuair a máthair an rud san amach ní dúbhairt sí faich, mar bhí rud uaithe cun bó breóídhte do léigheas. Fuair an cailín an rud úd ón mnaoí sídhe.Nuair a fuair an mháthair a rud sin, nígh sí an cailín leis. An lá na dhiaidh sin bhí an cailín ag dul ar scoil, agus mar ba gnáthach, tháínig an bhean sídhe cuiche. Dúbhair sí lei ná raibh mhaitheas ins an rud do dhein a máthair dí, mar beadh sise aice sa deire. Nuair a bhí an chéad leanbh ag an gcailín thugadar cun é do bhaistiú. Nior d'fhan éinne leis an mathair le linn baistidh an leinbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Muiris Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coom, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Pádruig Murchadha
- Inscne
- Fireann