School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhein na filí eile, ba shine ná é. Níor thug sé aon íarracht fé thastáil núa. Níor thug sé aon ní úaidh féin isteach. Do bhí deireadh le ré an fháis. Do bhí aimsir an mheathlúcáin ag druidim leis an sgoil. Mar sin a bhíonn an sgéal ag “sgoileannaibh” i stair na filidheachta nó i stair na healadhna.
Tagann príomh-mháighistrí na sgoile ar dtúis, agus cuiridh síad an sgoil fé réim. Tagann máighistrí eile, bainid síad triail as slighe nua, agus fásann agus aibigheann an sgoil. Is gnáth go leanann an meath an t-aibiú. Stadann an fás. Cromaid na filí ar aithris a dhéanamh ar na príomh-mháisghistrí. Téigheann an sgoil i n-éag.
Ach is féarr do thaitin saothar Eóghan Ruaidh leis an slúagh ná saothar file dob fhéarr i bhfad ná é. B’é an file ba mhó i mbéalaibh na ndaoine d’ fhilí na Mumhan é – taobh amuich de Thadhg Gaedhealach, ach do fúair clú tar éis a bháis toisg a chuid dánta a bheith fé chló. Maidir leis na filíbh eile is ó na gcómh Fhilíbh is mó a fúaradar clú agus moladh. Bhídís ag sgríobhadh i dteannta a chéile. Do bhí sé i láthair gcath mhór a bhí idir Aimiréal Rodney agus Aimiréal Franncach. Do cheap sé amhrán(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meentoges, Co. Kerry