School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dúthaigh céadna na rugadh Eoghan Ruadh timcheall trí fichid bliadhan níos deannaighe, bé Aodhagán an duine ba shine de’n sgoil núa bhFilibh Muimhneacha – lucht na n-amhrán. B’é Ruadh an duine dobh óige díobh. Sompla de’n bhfás a bhí fé’n “Sgoil” iseadh filidheacht Aodhagán. Sompla de’n meathlú a ráinig dí iseadh filidheacht Eoghain Ruaidh. Níor mhisde “athair” na sgoile do thabhairt ar Aodhagán Ó Rathaille.
Do bhain sé triail as meadarachtaibh núa a bhí níos cosamhla le rithim fíor-amhrán na saothar na bhFilí. Thug sé binneas agus céolmhaireacht núa isteach san amhrán ná raibh le fagháil in amhránaibh an t-seachtmhadh aois déag. Is gnáthach le lucht tuaithe sgéalta dá leithéid d’innsint mar gheall ar aon duine mór-clú tar éis a bháis. Is fullas ó n-a chuid filidheachta nach éin réice fáin ná áiltheoir díomhaoin a bhí ann ach fear stumdha maordha. Timcheall na blíadhna 1728 do cailleadh é. D’á fheabhas d’fhile é, níor fhág sé éan raidhse fír-filidheachta ‘na dhiaidh. Caithfear admháil gur cheap sé roinnt de chaoinnte fada, ar an sean-nós, a chuirfidh tuirse ar éin léightheoir(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meentoges, Co. Kerry