Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)

Suíomh:
Gortrooskagh, Co. Kerry
Múinteoir:
Síghle, Bean Uí Thuama
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Siolbhrain (Shelbourne)
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Seanfhocail agus Ráite Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Na Fianna -
    Deirtear go bhfeididís
    "Cnoc do léim.
    Gleann do thrioslóg
    Agus páirc bhán do chosa-bhocóid"

    Beidh deire an tsaoghail:-
    "Nuair a labharfaidh an chuach ar chrann gan duilleabhair
    Nuair a thuitfidh an Chásg ar lá féile Muire
    Nuair a bheidh mná óga gan náire,
    Agus gáire gan aoifeacht."

    Trí nídhthe níor fhoghluimigheas riamh:-
    Guth, féile, agus filídheacht.

    Trí nídhthe is fuaire amuigh:-
    Croidhe mná, glúin fir, agus coínchín con.

    Bás naomhtha:-
    Bás - Aoine
    Caoíne - Sathairn
    Tonnlacan - Domhnaigh

    "Leig do gháire leo, ach
    Na leig do phráta leo."

    "Agus MANNERS ar Shíghle ! rud nár tháinig roímhe (?)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Donncadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    44
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Kenmare, Co. Kerry