School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 179
- XML “Teampall Fiachna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Teampall FhiachnaI mBunán an sean-teampall seo agus deirtear go dtagadh Naomh Fiachna ó gCairbre go dtí an teampall san c[h]un afrinn do léigheadh. Deirtear gur rugadh i gCaolc[ho]il[l] i gCorcaigh é. Tá an áit sin cúig m[h]íle d[h]éag ó Bheanntraighe. Tá sé i mbéalaibh na ndaoine go raibh clann mhór ag a
m[h]áthair agus annsan rugadh triúr eile agus cheap a n-athair ro raibh
muir[ín] ró throm aige, agus maidean amáireach do bheartaigh sé chun iad a chur as an tslighe. Chuaidh sé amach agus triúr mac sa mhála aige chun iad a bháthadh.
Bhí sé ag déanamh ar an abhainn nuair a bhuail an sagart uime. Tháinig amhras ar an sagart agus d'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul chomh grod sa mhaidin. Agus dubhairt an fear go raibh sé ag dul go dtí an abhainn agus coileáin a bhí á mbáthadh aige. Annsan do thóg an sagart an mála, d'oscail sé é agus cad a bhí ann ach na páistí. Thug sé leis abhaile iad. Fuair sé banaltra
c[h]un do oileamhaint agus b'iad Fiachna, Leicna agus(continues on next page)- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry