School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 276
- XML “Creach a Thógaint”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Creach a thógaintSeo mar [a] d'innseadh dom an sgéal:-Bhí tighearna talmhan ina chómhnuidhe i gCaolchoill lámh le Beanntraighe, i gCorcaigh agus chuir sé a chuid fear go dtí Bord Eoghain Fhinn ad' iarraidh beithidheach. D'eirigh leo na beithidheach do bhreith leo acht nuair do thuig muinntir na háite sin gur sciobadh na ba do buaileadar chun bóthair ar a lorg. Níor dhein muinntir Chorcaighe puinn moille ar an mbóthar mar shroiseadar Drom an Easaigh trí mhíle amach ón mbaile -'s é sin ar an mbóthar idir Neidín agus Gleann Garbh sara dtáinig na fir eile suas leo.
Bhí ochtmhar as gach taobh ann agus ag Drom an Easaigh, i dtalamh Egan bhí cath fíochmhar fuilteach eadtorra agus nuair [a] bhí deire[adh] leis an gcath, bhí na daoine go léir sínte marbh acht amháin aon fhear amháin a bhí ina bheathaidh acht bhí a phort seinnte chomh maith leis na fearaibh eile. Tá coill bheag in aice na hínse inar throideadar agus ritheann an tSimhin lámh leis(continues on next page)- Informant
- Siobhán Ní Sheaghda
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Address
- Erneen, Co. Kerry